Lyrics:
|
|
Irish words:
Ní fheicfear níos mó thú, a mhuirnín,
Tá do chaoinspiorad scartha uainn go deo,
Ar shiúl, faraor, mar gach cara,
Dar shoilsigh go loinnreach inár dtreo.
Chorus:
Is nach bhfeicfidh muid níos mó thú,
Gan do ghlór le cluinstin lenár saol,
Nuair a thigeas na blátha san earrach,
Agus binncheol na n-éanach ar gach craobh.
Ó, is minic a shiúil muid le chéile,
Nuair a bhí bláth geal na hóige ar do ghruaidh,
Ach anois tá mo chroí bocht le cumhaidh,
Ag doirteadh na ndeora ar do uaigh.
Chorus
Is cloíte a bím nuair a dhearcaim,
Chois na huaighe ina bhfuil tú anois ’do luí,
Agus tromann mo chroí nuair a smaoitím,
Ar na háiteacha ar shiúil muid taobh le taobh.
Chorus
|